Up Arrow
 
 
Question Icon
 

Select an option from the dropdown list and press GO

 
Question Icon
 

Select an option from the dropdown list and then press GO

 
 
 

Information Icon Water Mark
Up Arrow

Is féidir leat úsáid a bhaint as Cuir sa Cheanglán chun ábhar ón Rannóg Caidreamh san Ionad Oibre a chur i do cheanglán pearsanta ionas go mbeidh tú in ann é a léamh nó a phriontáil ar ball.

Binder icon image Ceanglán

Chun rochtain a fháil ar do cheanglán cliceáil ar an nasc Ceanglán ag barr an leathanaigh.

 
 

An Binse Achomhairc Fostaíochta

Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fostaíochta (EAT) atá faoi cheangal gníomhú go breithiúnach. Is ar mhaithe le modhanna córa, neamhchostasacha agus neamhfhoirmiúla a sholáthar do dhaoine aonair chun réitigh a lorg i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar a gcearta reachtúla a bunaíodh an comhlacht.

Ó thráth bunaithe an Choimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre ar an 1 Deireadh Fómhair 2015, ní ghlacann an Binse le héilimh nó achomhairc dhíreacha ag eascairt as moltaí/breitheanna ó Choimisinéirí um Chearta. Tá an Binse fós ag glacadh le hiarratais chun cur chun feidhme/forfheidhmiú mholadh/bhreith Choimisinéir um Chearta a lorg. De réir Acht um Chaidreamh san Áit Oibre 2015, déileálfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre le gach gearán agus díospóid faoi reachtaíocht fostaíochta, comhionannais agus stádas comhionann tíolactha i ndiaidh an 30 Meán Fómhair, 2015. Beidh gach achomharc tíolactha i ndiaidh an dáta seo le héisteacht ag an gCúirt Oibreachais.

Is ann i gcónaí don Bhinse le déileáil le gearáin agus achomhairc leagáide ach déanfar é a dhíscaoileadh ar a gcomhlánú.

Déileálann an Binse le cásanna faoin reachtaíocht seo a leanas:

  • Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta,
  • na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta,
  • na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach,
  • na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis),
  • na hAchtanna um Íoc Pá,
  • na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais,
  • na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch,
  • na hAchtanna um Shaoire Cúramóra,
  • na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí,
  • na hAchtanna um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí,
  • an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht),
  • Achtanna um Chosaint Tomhaltóirí,
  • na hAchtanna Iomaíochta,
  • na hAchtanna Ceimiceán,
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Fostaíochta), agus
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cearta Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú).
 
 

Related Files:

 
 
 
 
 
 
 

Roinn an leathanach seo

 
logo-sml

Registered Address: Department of Business, Enterprise and Innovation, O'Brien Road, Carlow